School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 138
  3. XML “Na Flaithbheartaigh agus Seanchaisleáin na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (ar leanúint)
    Shocruigh na Flaithbheartaigh i nIar Chonnacht annsin, agus bhí Caisleán Achadh na nIubhar mar príomh chaislean aca. Rinne siad ceangal caírdis leis na treibheanna eile a bhí i nIar Connacht agus i gConamara rompa - na Máillí agus muinntear Conraigh Muinntear Allaigh agus Clann Dhonncada. Do neartuigh síád an caisleán agus a gcuid saigdhiur.
    D'imthigh bladhain thart, agus níor iocadh an cíos. Do shleamhnuigh bladhain eile thart, agus ní raibh aon chios le fail ag na Burcaigh. Tugadh leith sceul ecínte agus ghlac na Burcaigh leis. Agus thainic an triú bladhain, agus thainic an lá go raibh lucht na mBurcach le theacht ag iarriadh cíosa.
    An lá seo bhí feasta ar siubhal i gCaisleán Achadh na nIubhar. Bhí maithe agus mór uaisle Chonamara ann. Ceol borb na bpíob measgadh le ceol binn an chlairsigh. Rogha gach bidh agus sean gach dighe ag dul timcheall agus chuile dhuine ar a shuaimneas.
    I rith na Fleidhe seo thainic an faraire isteach le sgeul dá thaoiseach go raibh fear ag teacht ar an dá luathas in a cos in airde ar chapall ag deunamh direach ar an gcaisleán. Leigeadh isteach é, agus ce bheadh ann acht Oighre Óg an Iarla Ruaidh as Caisleán Tíre Oileain o Ghaillimh ag iarraidh a cirt, nu bfeidir go mbfearr a radh ag iarraid cirt a athar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
      2. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish