School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí na Flaithbeartaigh i reím agus i gceannas i Mágh Seóla leis na ceadta bladhain sul ar thainic na Nórmánaigh go hÉirinn. Síneann Mágh mhin mheith Seóla o Baile Atha an Riogh, i gConndae na Gaillimhe o thuaidh go Sruth Fhola i gConndae Mhuigheo, ar an dtaoibh thoir do Loch Oirbsean. Is dócha ga raibh greim ecínte aca ar Chonamara an t-am sin féin.San triu aois déug thainic na Normánaig, na Burcaigh go Connachta. Chreac siad a raibh d'Eaglaisí i Mágh Seóla agus thogadar seilbh ar an ngiodhan sin talmhan. Is uime cath agus babhta troda a tugadh idir na Burcaigh agus na Flaithbeartaig. Sa deireadh chuir na Burcaigh ruaig ar na Flaithbeartaigh amach as Magh Seola siar treasna Locha Coirib go fiadhantas agus gaim Chonamara.I gConga na Naom is na Riogh a tugadh an cath deireannach idir na Flaithbeartaigh agus na Burcaigh. Bhí an lamh i n-uachtar ag na Burcaigh. Mharbhuigh siad an chuid is mo do na Flaitbheartaigh acht d'eirig leis an sean taoiseach agus briosgán(continues on next page)