School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 130
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní morán eolais atá le fáil ag na daoinibh san áit seo faoi Aimsir na Géirleanamhna. Acht chualaidh mé an sceul seo leanas.

    Idir Roscathail, Co. na Gaillimhe agus Uachtarárd, tuairm's leath bhealaigh idir an dá ait tá sean reilg Cill Rún. An Bheann Eidhneach a tugann na daoine air. Anois, in aice na Cille seo tá mar bheadh sean altóir ann, idir an Cill agus an Abhainn Drimnín. Tá an altoir le feiceál on mbóthar mór. Nil aon tuairisc nu aon chosamhlacht go raibh Cill nu Teach Pobal timceall air ríamh. Deireann na Sean Daoine go mbiodh an t-Aifreann leighte annsin amach faoi an speir í n-aimsir na nGearleanamhna. Tá dha bhulan i n-aice na h-aite seo freisin.
    Chualaidh mé gur marbhuigheadh Seán na Sagart i n-aice na h-áite seo. Sean O Maoldhomnaigh a b'ainm do, agus bhiodh sé ag deunamh feall ar na sagartaibh. Lá amhain lean fear do mhuinntear Laidhigh é. Nuair a chonnaic Seán go raibh an fear eile ag teacht in a dhiaidh, d'imthigh sé leis chomh luath agus do bhí in a chosaibh agus leim sé tar an abhainn (an Drimnín). Lean Mac Ui Laidhigh é, agus leim sé an abhainn freisin. Bhí an abhainn suas go dtí 25 troighthe ar leithead sa poinnte seo, agus nuair a chonnaic Seán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Laidhigh
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Pollagh, Co. Galway