School: Uachtar Árd (roll number 4786)

Location:
Oughterard, Co. Galway
Teacher:
An tSr M. S. Iognáid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Uachtar Árd
  2. XML Page 166
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mac aige dár ainm Niall agus Micheál. Bhíodar an bhoct agus tar tamaill pósad Niall. Lá amáin cuaid an t-athair agus Micheál amach chun teach gabhair a tógáil.
    Bhíodar ag obair ar a ndicheall gur bhuail Micheál rud éigin cruaidh. Thóg sé suas bosca mór as an dtalamh. D'fhosgal an bheirt acu é agus céard a bhí ann ach bosca mór do ginidheacha buidhe. Bhí an - áthas ar an mbeirt díobh agus dubhairt an t-athair le Micheál gan a bhéal a fhosgailt fé.
    D'imthigh an mac lá ar na bhárach chuig an baile mór agus chuaidh sé isteach i siopa. Cé a chífeadh sé ann ach a dearbháthar Niall. D’innis sé dhó fé an t-ór agus dubhairt sé gan a bhéal a fhosgailt fé. Fuair sé an méid a theasthuigh uaidh sa siopa agus amach leis agus ní raibh fhios aige (fhios) go raibh beirt gaduithe ag féachaint air, fhad is bhí sé ag tabhairt an t-ór don siopadór. Leanadar abhaile é agus cheangladar a láimh is a chois agus chaitheadar isteach ‘san sgiobóil é.
    Rinneadar an rud céadna leis an t-athar agus fuaire[d]ar amach an áit a raibh an t-ór i bhfolach aca.
    Chuadar chuig siopa agus d’óladar an méid a [rabhadar]? in-an. Nuair a bhíodar ag dhul abhaile lean (an) Niall íad, agus shuidheadar síos fé coca d’féar agus chuaidh Niall i bhfolach ar an dtaobh eile de. Ghearr sé rópa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhathaigh
    Gender
    Female
    Address
    Oughterard, Co. Galway