School: Uachtar Árd (roll number 4786)
- Location:
- Oughterard, Co. Galway
- Teacher: An tSr M. S. Iognáid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Uachtar Árd
- XML Page 166
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mac aige dár ainm Niall agus Micheál. Bhíodar an bhoct agus tar tamaill pósad Niall. Lá amáin cuaid an t-athair agus Micheál amach chun teach gabhair a tógáil.
Bhíodar ag obair ar a ndicheall gur bhuail Micheál rud éigin cruaidh. Thóg sé suas bosca mór as an dtalamh. D'fhosgal an bheirt acu é agus céard a bhí ann ach bosca mór do ginidheacha buidhe. Bhí an - áthas ar an mbeirt díobh agus dubhairt an t-athair le Micheál gan a bhéal a fhosgailt fé.
D'imthigh an mac lá ar na bhárach chuig an baile mór agus chuaidh sé isteach i siopa. Cé a chífeadh sé ann ach a dearbháthar Niall. D’innis sé dhó fé an t-ór agus dubhairt sé gan a bhéal a fhosgailt fé. Fuair sé an méid a theasthuigh uaidh sa siopa agus amach leis agus ní raibh fhios aige (fhios) go raibh beirt gaduithe ag féachaint air, fhad is bhí sé ag tabhairt an t-ór don siopadór. Leanadar abhaile é agus cheangladar a láimh is a chois agus chaitheadar isteach ‘san sgiobóil é.
Rinneadar an rud céadna leis an t-athar agus fuaire[d]ar amach an áit a raibh an t-ór i bhfolach aca.
Chuadar chuig siopa agus d’óladar an méid a [rabhadar]? in-an. Nuair a bhíodar ag dhul abhaile lean (an) Niall íad, agus shuidheadar síos fé coca d’féar agus chuaidh Niall i bhfolach ar an dtaobh eile de. Ghearr sé rópa(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhathaigh
- Gender
- Female
- Address
- Oughterard, Co. Galway