School: Caladh na Muc

Location:
Callownamuck, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Muc
  2. XML Page 068
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl acht aon cheardtha amháin san gceanntar seo. Is le muinntir Donnchadha i gCarramór an Chnuic é. Teach ceann-tuighe atá ann. Urlár stroighin atá ann. Teine amháin atá ann. Bíonn píc ar an doras.
    Seo iad na h-uirlísí a bhíos aige - an inneoin, casúr, ord, teanchair agus builg. Gníonn sé crúidhte capall, céáchtaí, táirgní, bolts, agus rotha iarainn. Deisigheann sé neithe iarainn a bhíos briste freisin.
    Bhí beirt gabha annseo fadó i gCaladh na Much - Micheal agus Domhnall Ó Conghaola. Micil Gabha a tugtaí ar an gcéad ainmnighthe. Cainnteoir maith Gaedhilge a bhí ann agus bhí sé i ndon a sgríobhadh freisin. Bhailigheadh muinntir an cheanntair isteach san gceardthain um' tráthnóna agus is annsin a bhíodh sgéalta dhá n-innsint agus nuaidheacht an pharráiste dhá scaipeadh. Micil Gabha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish