School: Caladh na Muc

Location:
Callownamuck, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Muc
  2. XML Page 040
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó theigheadh máighistir thart ó áit go h-áit ag múineadh pé duine a mbíodh fonn foghluime air. Is i mbotháin nó i sean sgioból abíodh an scoile aige. "Jack the Master" a ghlaoidhtí air níos mionca ná a ainm ceart.
    Ní bhíodh de pháigh le fághail ag an máighistir acht pé pighneacha a gheibheadh sé ó na páistí. Bhíodh ar gach páiste dhá phiginn a thabhairt leis gach luan agus dhá fhód mhóna freisin. Níos déidheannighe ná sin gheibheadh an máighistir ceithre punt san mbliadhain. Bhíodh sgrúduighthe ann freisin agus bhíodh trí sgilling agus sé pighne lé fághail ag an múinnteoir le h-aghaigh gach sgoláire a d'éirigh leis ó Rang na Naoidhnean go Rang II agus ceithre sgilling ó Rang II go IV agus cúig sgilling ó Rang IV go VIII.
    Múintí Béarla, Geadhilge, Tír Eolas agus Sumanna. Deirtear go raibh Gaedhilge níos fearr ag na múinteoirí an t-am sin ná mar ata anois ach nach raibh na h-adhbhair eile chómh maith aca. Ní (raibh) bhíodh aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Ruaidhri Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Callownamuck, Co. Galway
    Informant
    Ruaidhri Mac Suibhne
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Callownamuck, Co. Galway