School: Leamhchoill (roll number 10742)

Location:
Leamhchoill, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leamhchoill
  2. XML Page 297
  3. XML “Seanamhráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanamhráin

    Chuir mé litir sgriobhta go Corcaig agus go Tráighlí

    Sean-Amhráin
    Chuir mé litir sgríobhta go Corcaig agus go Tráighlí
    Agus amach go fíor-sgoth na Réigiún.
    Bhí Blacach as Árd-Righe agus naoi gcinn de láir thiodúil
    Agus ba chosamhail leis na feilipiní ag léimneadh.
    Bhí Stafae as Tóin na Craobh ann agus Sir Mates lé na taobh ann
    Bhí Servant Sir Lukes agus naoi gcinn fhéin ann
    Ní mó ná gheit mo chroidhe-sa nuair a chonnaic mé an dream maorsúil
    Bhí Leinseach Bhaile Chuirín agus a chréibh ann
    Ghealladar duais mhór dhúinn dá dtéigheadh muid ar an Torlach Mór dhóibh
    Thiubhraidís an ruaig dhúinn dhá bhféadfadh.
    Dá leanaidís an dualgas a thabhairt ar láimh dhuine uasal
    Ní cloisdidhe nuais ar bith ná pléidhe leob.
    Sí an láithrín Cheainin Chior a tháinic ceart aniar
    Fios a maitheasa ná gríomh ní raibh ag aon fhear.
    Chaithfeadh sise móta, trínse, claidhe is dioga
    Bhreathnóchaidh sí chó grinn leis an éinín.
    Capall as an míle ‘gheobhadh gruadhachtail ar an griomhraidhe
    Agus ní síligidh a dhaoine gur moladh bréig é.
    Sé bun is barr mo sgéal é gur bhuaileamar distance caoch iad
    Dheamhan fear ar bith dhá sheanadh ach béidh muid suas leob.
    Sheasamar ar aon chois agus d’imtigheamar i n-aonfeacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bháinn
    Gender
    Female
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway