School: Leamhchoill (roll number 10742)

Location:
Leamhchoill, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leamhchoill
  2. XML Page 246
  3. XML “Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha cineál fátaí ann agus ní h-é an bhlas céadhna atá ar chineál ar bith acú. Tá ainm fá leith ag gach cineál acú mar "Hepecures" Fataí Dearg Bán nó Pinks, Banners agus Champions.
    Fáta mór bog iseadh an Hepecure. Sé an fáta is lugha a cuirtear agus freisin an fata is lugha a baintear. Bíonn sé go deas le n-ithe i dtosach ach de réir mar theigheann sé i ndeirneanaigh sa blian bíonn sé ag éirígh níos buige.
    Fáta tirim agus blas milis le n-ithe air iseadh an Pink má bhíonn an talamh feileamhnach dhó.
    Fáta buidhe ar nós an Champion iseadh an Banner. Fáta mór bog iseadh é agus do bheithbhighe agus do mhuca is mó a chuirtear é
    Sé an Champion an fáta is tirme ar fad acú agus freisin an fáta is milse le n-ithe é.
    Fásann Hepecures, Fátaí Dearg Bán, Banners agus Champions san áit a bhfuil mise i mo chomhnuidhe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bháinn
    Gender
    Female
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Báinn
    Gender
    Male
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway