School: Leamhchoill (roll number 10742)

Location:
Leamhchoill, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leamhchoill
  2. XML Page 220
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí na Normánaigh sa tír seo fadó bhí go leor airgead acú acht ní raibh fhios ag duine at bith go cé’n áit a raibh sé acu.
    Bhí triúir acú ag siubhal lá nó go dtániceadar chómh fada le Cill-a-Ráine atá timcheall agus míle taobh thiar de Mhágchuilinn. Bhíodar ag siubhal thart timcheall na coille ar feadh i bhfad agus faoi dheireadh tháiniceadar go garrdha ar a dtugadh Gardha Chúil a’Choill air. Bhí poll mór annso ar aon taobh le claidhe. “ó muise nach deas feileamhnach an áit é seo cun an t-airgead a chur”, arsa duine acú. “Nach tráthamhail a chas sé linn”, arsa duine eile. “Seo síos leis gan a thuile cainnte”, arsan tríomhadh duine. Rinneadar bosca beag do ádhmaid agus chuireadar an t-airgead síos ann agus leagadar an bosca sa bpoll. Ór a bhí sa gcuid is mó de’n airgead seo. D’imthigh na Normánaigh abhaile agus fuaireadar bás. D’imthigh na céadta blian agus níor bhach aoinne leis an gcloich.
    Bhí fear i n-a chómhnuidhe in-aice na h-áite i n-a raibh an t-ór. Ní raibh sa teach acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bháinn
    Gender
    Female
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Báinn
    Gender
    Male
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway