School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 166
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach ann. Núair a tháinic an bráthair bhí sé i dteannta mar ní raibh éolas ag áon duine cá raibh an tobar agus bhí na céadta crainnte san áit.
    Ní raibh sé í bhfad mar sin go bhfacha sé bó ag ithe eidhean a bhí ag fás ar chrann daraighe, bhí fhios aige go maith annsin gur cómhartha ó Dhía é agus thosúig sé ag rómharadh fáoi an gcrann. Fúair sé na seacht gclocha i gcriuth fáinne agus chaith sé iad isteach san dtobar a bhí in aice leis agus d'fhág sé mar sin é.
    Cúpla blíadhain ó shoin líon Seamus Ó Cadhain é agus ón lá sin amach bhí a cuid stuich agus a cuid beithidhigh ag dul in ndonacht nach raibh aige sa deire acht an t-asal. Chúaidh sé go dtí an sagart agus d'íar sé ar rud eichínt a dhéanamh dhó dúbhairt an sagart leis an tobar a osgailt arís. Rinne sé amhlaidh agus bhí a chuid sruich ag dul í mhéid ón lá sin amach.
    Tá fear dard ainm Séamús Sheain bháin n Seamus Ó Conghaile as Carna agus bhí búachaill aige agus bhí dealg ina shúil ar feadh bliadhna agus tháinich sé go dtí "Tobar Chillín" i gCorr bhaile, in raibh áon uisge ánn san am sin acht thóg sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Réagáin
    Gender
    Male
    Address
    Drimcong, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Bháin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Garraun, Co. Galway