School: Baile Nua (roll number 15331)

Location:
An Baile Nua, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ua hUigín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua
  2. XML Page 131
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cupóg Shráide
    Plannda a fhásann suas lé ocht n-orlaigh ar airdeacht. Bíonn sé glas ins an Earrach agus bíonn sé dearg ins an bFóghmhar. Tá sé an-éasgadh leis an síol tuitim agus fásann sé go tobann.

    Luachair-Gheal
    Plannda é seo a fhásann suas le chúig n-orlaigh ar aoirde. Fásann sé trí féur agus bíonn bláth bán air. Nuair a bhíonn sé sábháilte trí fhéur bíonn bláth bán air agus bíonn sé chómh láidir le cipín agus níl sé fuláin le h-aghaidh beithidhigh.

    Sgraith-Cloch
    Caonach é seo a fhásann ar chlochaibh amuigh ar na sléibhte. Nuair a fiuchtar é seo is féidir rudaí a dháthúchán leis.

    Piopaí Ceóil
    Planndaí iad seo a fhásann i dtalamh fuar. Dath glas atá orthabh agus tá billeóga móra fada orthabh.

    Caoch- Neanntóg
    Plannda é seo a fhásann suas le dhá throigh ar aoirde. Tá na préamhacha go maith le h-aghaidh caoire a mbeadh dallamhullóg ortabh agus tá sé le fághail ins beagnach 'chuile áit.

    Drucht na Gréinne
    Fásann sé i dtalamh maith. Dá ngortuigheadh duine a lámh no a chos is maith an leigheas é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Ghoill
    Gender
    Female
    Address
    Doon, Co. Galway
    Informant
    Bríghidh Ní Chéidhigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Doon, Co. Galway