School: Baile Nua (roll number 15331)

Location:
An Baile Nua, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ua hUigín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua
  2. XML Page 130
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ceannabhán
    Bíonn sé ag fás in áit bog. Tá sé go maith le h-aghaidh caoirigh.

    Meacanna Néifin
    Plannda beag dearg a bíonn's ag fás ar mhotaí. Tá leigheas maith ann le h-aghaidh bó a mbeadh muan fola uirthi.

    Trom
    Ní fhásann sé seo ach i gcórr áit, agus bíonn boladh an láidir as. Plannda roinnt árd iseadh é agus bíonn billeóga móra leathna air.

    Feara Bán
    Fásann sé seo i mbeagnach chuile áit ach go mór mhór ins na fataí. Plannda glas é agus tá sé an deacair é a tharraingth as an dtalamh.

    Feóchanán
    Plannda mór árd a fásann thrí fhéur agus tá deilgní beaga air. Tá cineál eile freisin ann nach bfásann an árd ar chor ar bith ach tuairms cupla orlach no mar sin. Feocanán firreann a tugtar ar an gceánn árd atá tuairm's slat ar aoirde.

    Dorán
    Plannda mór árd é seo a fhásann thrí feúr. Bíonn billeóga móra glasa air agus tá leigheas ann le h-aghaidh cosa capaill a bheadh atuighthe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Ghoill
    Gender
    Female
    Address
    Doon, Co. Galway
    Informant
    Bríghidh Ní Chéidhigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Doon, Co. Galway