School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 052
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Paidreacha
    Tá sean-paidreacha ag m’athair acht tá an Ghaeilge comh sean nach féidir iad a sgríobhah síos, nó aon mhíniú d’fághail ionnta. Nuair a thagann bliadhain nua deireann na sean daoine . “Go mba seacht fearr a bhéas muid bliadhain ó'n oidhche seo anocht.” Nuair a chloiseann siad droch- sgéal deireann siad, ‘go bhfoiridh Dia orrainn, agus má siad sgannruighthe, deireann siad , “Fada uainn anachain”. Nuair a geibheann laogh bás deirean siad. ‘Go gcuidiú Mac Dé linn.
    Tá paidir eile aige agus déir ré liom, aoinne a déarfaidh é gach oidhche nach seasfadh sé ar leacrachaibh ifrinn, go deo. Seo píosa de;
    Ceithre cosa faoi mo leabaidh, ceithre aingeal ag rádh paidir. Má geibheann- sé bás ó oidhche go maidin gur i bhFlaitheas a bhéas m’anam. Tá mé féin ag iarraidh déirce. Súil go mbeadh lé teacht na féile. An uair nach b'féidir, bhí ná éadan lé féil na glóire is fiú éistheacht.
    Deireann m’athair paidir eile nuair a bíonn ré ag rádh an paidrín páirteach gach oidhche. Níl fhios agam cé'n chiall atá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish