School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 047
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Droichead ar loch, gan maide, gan cloch.
Freagra: leac-oidhre
Cómh bán le sneachta,
Cómh dearg le fuil,
Cómh h-árd le caisleán,
Cómh milis le mil.
Freagra: Ubhall.
Corcán óir lán d’fuil beó.
Freagra: méarachán.
Ceithre cosa ar thalamh, dhá chois ar thalamh, ceann an duine lé tóin an ainmhnidhe.
Freagra: Bean ag bleágh ghabhair.
M'athair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta air.
Freagra: Gas gabáiste.
Cé'n taobh den chupáin, a bhfuil an chluas air.
Freagra: ar an taobh amuich. - Anois tá orm a innsint fé’n gcuinneóig. Nuair a bhíonn an bainne tar éis bheith blighte, tugtar leamhnacht uirthi. Annsin nuair a a bhíonn sé ina staic mar adeirtear cuirtear sa gcuinneóig í. Annsin déantar í agus nuair a bhíonn an im tógtha aisti(continues on next page)