School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 035
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar aon chaoi marbhuigheadh an fear an lá sin, áit a raibh sé i mbealach cairt agus séard é an rud deireadh adubhairt sé ná go raibh sé ag súl leis an mbás ó'n am a chonnaic sé inghean ríogh na sidheóg. Ní rachfadh aon duine an bóithrín sin ariamh coidhche roimh eirighe gréine ar fhaitchíos go bhfeicfeadh siad an caillín.
Cúl na Féinne: Deireann na sean daoine gur chaith Fionn Mac Cumhaill agus a chomrádaí geimhreadh annsin. Coill an-sean atá ann agus mar gheall ar sin déanann seabhac nead ann gach bliadhain.
Teaichín Mhaoir: Bhí troid annsin idir na Fianna agus flaith na h-áite sin, agus marbhuigheadh Maor -inghean an flaith, fhaid is bhí sí ar tí réidhteach a dhéanamh. Cuireadh í annsin agus cuireadh carn ó's a cionn agus sin é an fáth go bhfuil "Teaichín Maoir" mar ainm ar an áit riamh ó shoin.
Tá na h-áiteacha seo go léir suidhte i mbarúntacht agus i bparróiste Mághcuilinn, agus tá se sin i gCo. na Gaillimhe. - Tá áit i gCill a’chlogáin agus tá cuan isteach ar Loch Coirb chomh fada le áit ar a tugthar “Caladh an Fhóid”air. Tá an Cuan sin an-chong gan acht áit le h-aghaidh aon bhád amháin teacht isteach ann san am céadna. Is annsin a thagadh an sagart - An tAthair Cathal Ó(continues on next page)
- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male