School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 029
- XML “Seanchas i dtaobh Aimsire”
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go h-íseall gar de’n talamh bíonn aimsear dona ag teacht. Nuair a bhíonn stoirm ag brughadh druideann na h-eallaí isteach ó na locha móra go dtí na locháin agus teidheann siad amach ionnta arís nuair a bíonn an stoirm thart. Bíonn an deatach ag dul suas go díreach san aer ón tsimléar nuair a bhíonn aimsear bhreagh le teacht.Nuair a bhíonn na bainne bó bliochtáin amach go luach sa mbliadhain bíonn samhradh dona ann sa mbliadhain sin. Nuair a bíonn na sléibhte an-ghar duit, dar leat, bíonn báisteach ag teacht, agus nuair a bhíonn siad i bhfad uait, dar leat, tá báisteach i bfhad uait san uair sin freisean.
- An Droch-shaoghalTimpeall is céad bliadhain ó shoin bhí “bliadhan dúbhchan na fataí”ann. Ins an mbliadhain sin do lobh fataí ins an talamh, do lobh siad do réir mar bhí siad ag fás. Bhí ar na daoine an gráinn a thabhairt don Tighearna Talmhan, agus nuair nár fás na fataí d’fhág sin gan faic beo acab acht gráinnín min bhuidhe a fuair siad ó Shasana. Fuair fear amháin grainin agus ní raibh leath a sáthach ann.(continues on next page)