School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 028
  3. XML “Seanchas i dtaobh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanachas i dtaobh aimsire.
    Tá cúpla nó trí abairtí ag muinntir na h-áite i dtaobh na h-aimsire. Seo iad iad: “Na spéartha dearg thoir, sneachta go glún fir.” “Na spéartha dearg theas, loinnir agus teas,” agus “na spéartha dearg thiar, solus agus grian”
    Nuair a bhíonn an ghealach iompuighthe ar a taobh beagán, bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn cearcal timpeall uirthi bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn an cearcal gar do’n ghealach bíonn an báisteach ann sul a mbíonn an oidhche thart. Nuair a bhíonn dath dearg ar an ngrian nuair a bhíonn sí ag eirighe, bíonn aimsear bhreagh ag teacht. Ní maith leis na bádóiribh an bogha ceatha a fheiceál ar maidin mar is droch-chosamhlacht é.
    Tá rádh eile acab mar seo: “Ciúin sa tráthnóna, caitheamh na h-uaire móire.” Is droch-chosamhlacht é a bheith cíuin sa trathnóna Nuair a bhíonn an ghaoth andeas ann bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn an loch ag déanamh torann ar an taobh theas do’n teach s’againne bíónn báisteach ann, agus nuair a bhíonn an loch ag déanamh torann ar an taobh thuaidh bíonn sioc ann.
    Nuair a bhíonn na faoileáin ag eitilt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish