School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 025
  3. XML “An Doineann”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a thosuigh an gaoth ag séideadh. Is ar éigean a bhain sí amach an teach. Bhí an muinntear eile ag guidhe taobh istigh nuair a tháinig sí go dtí an doras íota. Thug sí cnap do’n doras. Níor chualadh muinntear an tighe í. Annsin bhí an oiread sin eagla uirthi gur thug sí aon speach mór amháin dó is gur bhris sí an maide Éamuinn. D’osgail sí an doras ach is annsin a thárla an rud ba mheasa dá bhfaca tú ariamh. Shéid an gaoth isteach tríd an doras fosgailte is gur scuab sí léite an teine. Thuit cuid d’en díon isteach gur thosuigh sé ag lasadh. Dóghadh an teach agus chuile dhuine ann ach an cailín cracáilte. Rith sí sin léithe gur bualadh a ceann in aghaidh balla is gur marbhuigheadh í. Tharla beagnach an rud céadna de go leor lanamhain eile. Bhí an t-éirighe in áirde ag teach tar na daoine in aimsir Uí Conaill ach in a dhiaidh sin bhíodar comh bocht is bhíodar ariamh gan teach gan faic ach iad mar na tinncéirí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.