School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 019
  3. XML “Arán”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bearna ar an cáca sul a leagann siad suas ar a gcuid lámha é.
    Nuair a bhíonns an cáca déanta ag bean a’tighe cuireann sí sa lasad é le go mbeadh an bácús té go leor chun é do chur síos ann. Cuirtear lasair faoi an mbácús le go mbeadh sé díreach go leor agus ceapaim gurab é an rud céadna a chuireann siad faoin ngreidill.
    Sul a chuireann na mná an leac ar an mbácús cuireann siad cros o’s a chionn agus deireann siad: ’Go mba seacht míle fearr a béas muid an t-am seo aríst agus go sábhála Dia sin ó thachtadh, ó uscóid agus ó anachain” Anois agus aríst déanann siad cáca le uisce in áit bláthach agus cuireann siad dorn ann agus aon duine a ithfeadh píosa de’n cáca sin bheadh sé beo ins an t-am sin aríst deireann siad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Rathanna agus liosanna.
    Ins an mbaile s'againne tá lios ann agus 'sé an t-ainm atá uirthi ná "lios a Chait. deireann na daoine gur fhág na Lochlannaigh cat annsin, cat sidheógach ag cumhdach an t-ór a robálfaidís ó na daoine, timcheall. tá an cat annsin fós ach dá bhfeicfeadh aon duine e gheobhfadh sé bás.
    Timcheall is caogadh bliathain ó soin bhí rath mór a raibh faitchíos ar aon duine dhul in aice leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish