School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 009
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí go leor tíghearnaí talmhan ins an cheanntar seo. 'Siad na príomh ceann a bhfuil aithne ag na sean-daoine ortha ná: Lord Dunkellin, Lord Burke agus Lord Campall. Ins an t-am sin d'fhéadfadh an tíghearna talmhan thú a chaitheadh amach as do fheirm dá mbeadh an cíos díolta agat féin.
    Beann chruinn a bhíodh ar chuile teach an uair sin. "Bothán a Cúinne" a bhí ar na tighthe sin. Ní fhéadfadh fuinneóga féin a bheadh ortha in geall ar go raibh cáin ar gach fuinneóg. An cineál glas a bhí aca ná maide Éamonn taobh istigh de'n doras gach oidhche.
    Ach an tíghearna talmhan darb ainm "Campall", bhí sé an-ghrádh-diamhail. Níor phós sé ariamh. bhíodh sé ag tabhairt rudaí do na tineontaí. Nuair a cáilleadh é tháinig a dhearbhráthair. Ní fhaca tú aon diabhal ariamh a bhí chomh dona leis sin. Dá mbeadh gabháltas maith talmhan ag duine chaithfeadh sé amach sa sráid é dá mbeadh an chíos díolta aige féin. Rinne sé feilm mhór dó féin de'n talamh ab fhearr a bhí sa cheanntar. Is ní raibh na tineontaí annsin ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Maidín
    Gender
    Male
    Address
    Kilcloggaun, Co. Galway
    Informant
    Tadhg Ó Maidín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male