School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is go síorraidhe smaoinghim ar mo grádh
Mo croidhe gá reabhadh i lár mo cléibh faoi dubhbheón saoghalta id dhá crádh.
Tráth rabhas im óglach go croidheamhail, spoirteamail.
Bhí mé fé sólás i gCríochaibh Fáil.
III
Agus tháinich athrú ar sheoladh thoir buidhe America
A ghrádh geanamhail, céad fairior thugas grádh dhuit
Ó Lár mo croidhe is nach buaidheartha bhí m'athair 'is máthair
Is nach cáirde geanamhail bhí mé ar caoi leó.
IV
Annsin seadh gluaisfheadh gan croidhe gan shuairc
Is a Dhia nach buaidheartha a bhíos gan fáth
Bhí an calm-mhach luath fá spíon an uaignis
Is a chroidhe go buaidheartha in a diaidh go bráthach
V
An mach ba mheasa leó ag dul thar sáille
Gan slighe gan falltas do gealladh dó fanacht
I measc ár gcáirde is gan iad le fágail.
VI
Annsin go cinnte is mé go tuirseach claoidhthe
Do ritheadh mo smaointe shiubhal oidhche agus ló.
Don oileán geanamhail taobh thall dhon taoide
Go rabhas go haobhinn agus go síoraidhe gan brón na ndaoine.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway