School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na beithidhigh abhaile, agus ní raibh aon tubán indan an bainne a choingbheál. Bhí an ionghantas ar an máighistir, agus dubhairt sé nach raibh a léitheid de bhuachaill ariamh aige. An oidhche sin níor cluineadh ac aon sgréac amháin. Tá siad tinn nó rud eicínt orra adeir an máighistir. An lá ar na bháireach, chuaidh an buachaill amach leis na beithidhigh mar ba gnáthach. Sgaoil sé isteach na beithidhigh i dtalamh na bfathac. Ba geárr nó gur dtáinig an fathac ba mó díobh ar fad, agus bhí sé ag cur lorg a chosa sa talamh le na meádhachan. Fú, fá, féasóg ar seisean fághaim boladh an Éireannaigh bhraduidhe, is mór liom go greim tú, agus is beag liom go dhá ghreim thú, agus chuirfinn lé séideóig go dtí an domhan thoir thú. "Is tusa a mharbhuigh mo bheirt dearbhráthair acht ní mharbhócaidh tú mise. Cé feárr leat ag troid ar leacracha glasa, nó ag cuir sgeana i mbárr easnachaí chéile. Is fearr liom ag troid ar leacraca glasa, mar is é a chleacht mé ó mo athair arsa an buachaill. Thosuigh an t-acrann agus, leis an gcéad chor chuir an fathac an buachaill go dtí a bhásta san talamh é, leis an dárna cor a thug an fathac, chuir sé an buachaill síos go dtí na mhúinéal sa talamh. Cá bhfuil tú a iall ar seisean, Tá mé annseo adeir an iall leis an mbhuachaill, ag éirigh aníos as a phóca, agus chas sí timcheall ar mhuinéal an fhathaigh, agus ba beag nar thacht sí an fathac. Má leigeann tú as seó mé adeir an fathac tiubhradh mé mo phálas mór dhuit mo eac agus mo chlaidheam. Cé ar a n-oibróchaidh mé í adeir an buachaill, ar an mblocán sin thall, níl blocán ar bith níos gráinne, ná do bhlocán féin, agus bhuail sé laisg ar, agus chuir sé sa spéir é. Chuaidh an buachaill suas go dtí pálás an fhathac agus tháinic an iongantas ar nuair a chonnaic sé an cárnán(continues on next page)
- Informant
- Maitias Ó Céidigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway