School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an talamh faoí na chosa, agus bárr na gcránn ag dul i n-iochtar, agus a mbun ag dul i n-uachtar.
"Fú, fá féasóg arsa seisean, fághaim boladh an Éireannaigh, bhréagaighe, bhraduidhe, is mór liom de greim é, agus is beag liom de dhá greim thú, ach chuirfi[nn] le séideóig go dtí an domhan thoir é, arsa an fathac. "Cé feárr leat ag troid ar leacracha glasa, nó ag cur sgeana i n-easnachaí a chéile", arsa an fathac. Is feárr liom ag cathriocht ar leacracha glasa, ar seisean, mar is é a chleacht mé ó mo athair ariamh, arsa an fathac. Thosuigh an troid, agus leis an gcéad chor, chuir mac an ríogh, síos go dtí a bhásta sa talamh é, leis an dára cor, chuir sé síos go dtí a mhuinéal é. "Leig as seo mé arsa an fathac, agus tiubharfadh mé mo each chaol ghlas, agus mo chlaidheamh soluis dhuit". Cé air a n-oirbeóchaidh mé an chlaidheamh soluis arsa mac an río[gh]?, ar an mblocán sin tháll arsa an fathac, níl blocán ar bith níos gráine ná do bhlocán fhéin, adeir mac an ríogh, ag sguabadh an ceann de'n fathac, lé buile de'n chlaidheamh. Suas leis an gcloigeann san spéir, agus thosuigh sé ag feadaighil. Tháinig an cloigeann anuas aríst, agus bhuail an mac aríst é, agus rinne sé dhá leith de'n chloigeann. Ní mhór dhuit adeir an cloigeann, mar dá dtiocfadh mise ar an gcolainn aríst, comhacht do cheann finne, ní chuirfidh anuas mé. D'imthigh an cloigeann go dtí an domhan thoir annsin. Thug mac an ríogh(continues on next page)- Informant
- Maitias Ó Céidigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway