School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo chlaidhimh soluis dhuit." Cé ar a n-oirbeóchadh mé an chlaidhimh soluis arsa mac an ríogh?, ar an bhlocán sin thall arsan fathac, níl blocán ar bith níos gráine na do bhlocán fhéin adeir mac an ríogh, ag sguabadh an cheann de'n fhathac le buile den, chlaidhimh. Suas leis an gcloigeann san spéir, agus thosuigh sé ag feadaighil. Tháinig an cloigeann anuas aríst, agus bhuail an mac aríst é, agus rinne sé dhá leith aríst de'n chloigeann. Ní mhór dhuit adeir an cloigeann, mar dá dtiocfadh mise ar an gcolainn aríst, comhacht do chéann finne ní chuirifidh anuas mé. D'imthigh an cloigeann go dtí an domhan thoir annsin.
Nuair a tháinic mac an ríogh abhaile an oidhche sin leis na beithidhigh, b'éigin do'n mháighistir dhul go dtí an cúipéara lé tubán a fhághail leis an mbainne a choingbheál. "Is tú an buachaill is feárr dá'r chas orm ariamh", arsa seisean, le mac an ríogh. An oidhche sin nuair a bhí mac an ríogh ag dul a chodhladh, chuala sé dá sgréach uathbhásach. D'fiafruigh sé de'n mháighistir, cén sórt sgréacail iad sin. Dubhairt an mháighistir gurbh iad an triúr fathac a bhí san talamh in-aice leis an áit a raibh na beithidhigh aige an lá roimhe. "Níor chuala mé ach dhá sgréach anocht, agus chloisfhinn trí sgréach chuile oidhche eile" arsa seisean. "Caith sé go bhfuil an fathac eile tinn". Lá ar na bháireach, thug an buachaill na beithidhigh go dtí an áit céadhna, a raibh siad an lá roimhe sin. Leag sé an claidhe, agus leig sé isteach na beithidhigh i dtalamh na bhfathac aríst. Ba geárr gur tháinig an fathac, agus é a craithe(continues on next page)- Informant
- Maitias Ó Céidigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway