School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lé a bheith ag tabhairt aire do na ba. Dubhairt an fear leis an mac seo go raibh air fanacht ag tabhairt aire de na beithidhigh, in-aice talamh a raibh an triúr fathac in-a gcomhnuidhe ann, agus dá dtiocfadh na beithidhigh go marbhóchadh na fathaidh é.
Amach leis lá ar na bháireach agus chuir na beithidhigh ins an talamh. Bhreathnuigh sé isteach thar claidhe talamh na bhfathac, agus bhí féar fada ag fás ann. Leag sé an claidhe agus sgaoil sé isteach na ba ins an bhféar fada. Ba geárr nó go dtáinigh fathach mór, agus bhí an talamh ag crith, nuair a bhí sé ag teacht. Bhí bárr na gcránn ag dul i n-ioctar, agus an bun ag dul i n-uachtar.
"Fú, fá, féasóg, arsa seisean, fághaim boladh an Éireannach bhréagaighe, bhraduidhe, is mó[r] liom go greim é agus i [!] beag liom de dhá greim é ach chuirfinn lé séideóg go dtí an domhan thoir é", arsa an fathac. "Cé feárr leat ag troid ar leacracha glasa nó ag cur sgeana i n-easnachaí a chéile", arsa an fathac. Is feárr liom ag cathriocht ar leacracha glasa, ar seisean, mar is é a chleacht mé ó mo athair ariamh, arsan mac. Thosuigh an troid, agus leis an gcéad chor, chuir mac an rí síos go dtí a bhásta san talamh é, leis an dára chor, chuir sé síos go dtí a mhuinéal é. "Leig as seo mé arsan fathac, agus tiubharfadh mé mo eac caol glas, agus(continues on next page)- Informant
- Maitias Ó Céidigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway