School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 039
  3. XML “Scéal - Mac Rí Éireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí ríogh i n-Éirinn uair agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Cailleadh an bhanríoghan go luath thar-éis an mac a bhreith agus bhí an-bhrón ar an rí. Nuair a bhí an mac deich mbliadhna phós an rí an dárna uair. Bhí an mac an-dona an tam sin mar ní thiubharfadh an leas-mháthair aon bhlas lé n-ithe dhó. Bhí leath an ríoghacht ag an mac, agus cheap an leas-mháthair go gcaithfeadh sé amach í, nuair a bhéadh sé bliadhain agus fiche d'aois. Bhí sí ag iarraidh an mac a chur chun bháis leis an ocras, ach níor éirigh leí. Aon lá amháin bhí an mac ac dul go dtí an pháirc in-a raibh an tarbh breac, agus é ag sgreadach leis an ocras. D'fiafruigh an tarbh dhó céard a bhí air, agus dubhairt sé go raibh sé ag fághail bháis leis an ocras. Chrom an tarbh síos a chloigeann agus dubhairt sé leis an mac an-t-arán a bhí idir a dhá adharc a bhaint aníos agus é a leagan ar an talamh agus a bheith ag ithe an aráin nó go mbhéadh tú tuirseac. Bhí an mac ag ithe go raibh a dhóthain ithte aige, annsin leag sé an t-arán san áit a bhfuair sé é. Bhíodh sé ag teacht go dtí an tarbh chuile (uaidh) uair dá mbhíodh ocras air, agus fá dheire bhí sé ag éirighe an-romhar. Ní raibh fhios ag an leas-mháthair cén áit a raibh an mac ag fághail an bheatha, agus nuair a fuair sí imthighthe amach é fhéin agus an rí, chuir sí fios ar chailleac feasa, agus d'fiafruigh sé [!] dhe cé'n áit a raibh an mac ag fághail an bhiadh. D'innis an bhean feasa dhe gur i gcloigeann an tairbh a bhí sé dhá fhághail. Dubhairt an bhean feasa leí go gcaithfeadh sí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Informant
    Maitias Ó Céidigh
    Gender
    Male
    Age
    75
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Seanadh Gharráin, Co. Galway