School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 034
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dearmad déanta aige ar an bhfocal a tiubharfadh ama[ch] é. Bhí sé ag rádh chuile fhocal dá raibh ag teacht in-a cheann, ach ní raibh aon mhaith dhó ann. Tháinig na robalaí faoí dheire, agus nuair a chonnaic siad an fear istigh mharbhuigheadar é agus gheáradar in-a phíosaí é. An oidhche lá ar na bháireach chuaidh an chéad dearbhráthair go dtí an charraig, agus nuair a chuaidh sé isteach, chonnaic sé an dearbhráthair thug sé leis é,. Bhí gréasuidh[e] in-a shuidhe i gcúinne beag, chuir an dearbhráthair púicín air, agus thug sé leis é, ach bhí an gréasuidhe ag cóimhreamh na gcoisméig. D'fhuagháil sé an dearbhráthair marbh, agus chuir siad san talamh é. Leag sé an gréasuidhe ins an áit a fuair sé é. D'innis an gréasuidh[e] é sin do'n chaiptín robála. Dubhairt sé leis an ngréasuidh[e] an teach a innseacht dhó. Dubhairt an gréasuidhe go raibh fhios aige cé mhéid coisméig a bhí ann.
    D'imthigheadar leó agus nuair a bhí siad ag an teach chuir siad marc ar an doras. Nuair a chonnaic cailín an tighe é seo, dubhairt sí go raibh rud eicínt le tárlú, agus chuir sí marc ar chuile teach ar an mbaile. Nuair a chonnaic an caiptín robála é seo ní raibh fhios aige cé'n teach de'n bhaile a chuir sé an marc air. Chuir an robála dhá bhairile sa ngarraidhe ós cómhair an tíghe. Nuair a d'éirigh an cailín ar maidin bhreathnuigh sí síos i mbairile agus céard a bhéadh ann ach fear. Isteach lé agus thug sí amach túlán uisge te, agus sgál[l?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway