School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 031
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Nuair a fuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh as an bPáirc bás, bhí muinntir na háite ag rádh go raibh go leor airgid i bhfolach i sean-bhallaí an tighe.

    (continued from previous page)
    go raibh go leór airgid i bhfolach i sean-bhallaí an tighe. Chuaidh beirt fhear dá gcuartú aon oidhche amháin. Dubairt duine aca leis an duine eile, dá bhfuigheadh sé féin é nach dtiubhradh sé de'n duine eile é. Bhíodar ag cartadh agus ba geárr gur chas buidéal le duine aca. "Tá agam anois ar seisean. Ar an noiméad bhris an buidéal, agus d'aithrigh sé an t-ór ag ritheacht síos tríd an mballa. Bhí fear as an bPáirc darbh ainm Mícheál Ó Feinneadha ag tarraingt cloca as an sean-bhalla céadhna mí o shoin. Deirtear go bhfuair sé pota óir, ach go raibh sé follamh. Ní raibh cois ar bith air....
    Sgéal eile. Bhí saighdiúr ag teacht abhaile as an arm aon uair amháin. Nuair a bhí sé ag dul thar choill tháinig cailleach amach roimhe agus dubhairt sí leis dá dtiocfadh sé síos san bpoll a bhí san gcránn agus. boisgín snaoisín a thabhairt aníos aice, agus go dtiubhradh sí leór airgid dhó. Thug sí naprún dhó, agus dubairt sí leis é a sgartha faoí na madraí a dfeicfadh sé thíos. Síos leis agus chas mada mór leis, chaith sé an naprún faoí agus luigh an mada siar air. Bhreathnuigh sé síos i mbosca, agus thug sé aníos (boc) bosca snaoisín agus chuir sé in-a phóca é, líon suas a phóca le ór a bhí i bpota eile. Amach leis agus bhí an chailleac [?] ag fanacht leis taobh amuigh. Ní dhearna sé ac an chailleac a mharbhú agus imtheacht leis. Nuair a bhí an t-ór caithte, ní raibh fhios aige céard a déanfadh sé. Chuir sé a láimh in-a phóca, agus thóig sé aníos an bosca snaoisín. Chuir sé a méir síos ann lé gráinne a thabairt leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0560: The Magic Ring
    AT0561: Aladdin
    AT0562: The Spirit in the Blue Light
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway