School: Leacaigh (Leacach)

Location:
Lackagh Beg, Co. Galway
Teacher:
Seosamh Ó hÁinlíghe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leacaigh (Leacach)
  2. XML Page 337
  3. XML “Ainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainmneacha (cloch, sgeach, tobar, srl)
    Sgeach:- Sgeach an Phíobaire. Seo é an chaoí a fúair sé a ainm. Bhí Patch Commáin ag dul abhaile oidhche amháin as Gaillimh agus bhí sé ar meisge. Nuair abhí sé ag teacht in ghar don sgeich chúala sé ceól Phíobaire. D'eíst sé agus thug sé faoi deara go raibh sé ag tígheacht as an sgeich. Thosaigh sé ag damhsa agus tháinic sinneán mór gaoithe agus chuir sé [(faoí deara go raibh sé ag t)] dusta faoí na shúilí. Chuimil sé iad ach núair a d'osgail sé íad ní raibh rud ar bith le feiceál ná le cloisteáil aige. Tá sé caoch ó shoin. Fós féin is minic a bhíonns sídheógaí lé feiceál thart ar an sgeich.
    Poll: - Poll Dómhnaill. Áit ar báitheadh fear dárbh ainm Dómhnall Ó Dúbhgáin. Is minic in a dhíaidh sin a chúala na daoine é ag sgreadach agus tá cáil sídheógaí air ó shoin.
    Tobar: - Tobhair Saidhbhine.Tobar beannuighthe é. Fadó gach Dia h-Aoine teigheadh na sean daoine ann ag paidreóireacht. Tá sé ráidhte go raibh Naomh Saidhbhine ann agus tá a coiscéim lé feiceál ar ceann de na leacracha. Ní bhíonn an tobar sin tirm aon úair sa blían.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Location
    Cahernashilleeny, Co. Galway
    Collector
    Mairéad Ní Sheacnasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Cahernashilleeny, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Sheacnasaigh
    Gender
    Male
    Age
    63