School: Leacaigh (Leacach)

Location:
Lackagh Beg, Co. Galway
Teacher:
Seosamh Ó hÁinlíghe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leacaigh (Leacach)
  2. XML Page 305
  3. XML “Ciste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó san sean saoghal sé an fasúin a bhíodh ag na daoine chuile shórt a dhíoladh síad ar an mbaile chaitheadh síad é a roinnt. Dá ndíoladh fear bullán chaitheadh sé an lúach a roinnt leis an mbaile ar fad agus chaitheadh chuile dhuine ar an mbaile an cleas sin a dhéanamh. Cé bí céardh a dhíoladh cé chaitheadh sé é a roinnt.
    Bhoil bhí aon amadán amháin ann agus shíl sé go raibh sé an chríonna ar fad. Ní raibh sé ag caitheamh pinghinn ar a bith dá airgid ach an méad a chaitheadh sé dá bhuidheachas. Bhí sé ag tabhairt ocras dó fhéinagus é ag bailiú go crúaidh cráidhte. Ach is minic a chuala muid "An rud nach gcaithfidh tú féin caithfidh duine eicín eile é.
    Dhíol an fear seo trí muca ar caoíar bith agus níor mhaith leis an lúach a roinnt. Shiubhail sé amach aon oidhche bréagh gealaigh agus smaoinigh sé go mba mhaith an áit an t-airgead a chur i bhfolach sa phortach móna. Siubhail sé thart annsin go bhfuigheadh sé áit a mbeadh comha(?) ann, i dtreó's go bhfuigheadh sé an t-ór arís núair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Sheacnasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Cahernashilleeny, Co. Galway
    Informant
    Donnchadh Ó hEidhin
    Gender
    Male