School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

a ndheinnéar. Thosuigh an Gobán ag dhéanamh an cat is dá earbaill chómh tapaidh is dféadfadh sé. Níorbh fhada go dtáinig an trúir amach. Nuair a chonnacadar céard a bhí déanta aige, osgail a shiúle agus bhí ionghnadh mór orra. Fuair sé obair ó'n mbainisteóir annsin agus bhí sé ag obair ann le ceann tamaill fada. Ta an cat is dá earbaill le feicéal í mainistéar Baile Cláir na Gaillime suas go dtí an lá faoí lathair agus tagann a lán daoine chun í a fheiceál.

Aimsear na Tans a bhí ann. Bhí campa ag saighdiúirí na h-Éireann thiar in aice Baile Breatán. Oidhche amháin chuaidh saighdiúir agus comharsan amach agus ce d'fheicfeadh siad ach marach-sídhe. Chuadhadar abhaile i muinghin a anama. Bhí sgeón mor ar an saidhdhiúir agus an oidhche in a dhiaidh sin diarr an comharsan air teacht in éinfheacht leis go bfeicfead siad an bheith an taidhbhse san áit ac ní rachfadh sé ann, mar bhí an oiread sin faitchios air. Fear misneamhail a bhí san comharsan cé ar bith agus chuaidh sé ann in aonraic

(continues on next page)
Collector
Síghle Ní Coileáin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Pádhraig Ó Comán
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish