School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 299
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí isteach ann. Dimthigh sé annsin agus nuair a tháinig sé d'fiafruigh sé dí an ndeacha sí isteach san seómra nár ghafad sé eochair aice le n-aghaidh agus dubhairt sé nach ndeacha. Bhuell adeir sé is gearr go mb'fios agamsa an ndeachaid. Chuaidh sé go dtí an seómra annsin agus chonnaic sé go leor fuil ar áit an eochair. Rith se anuas chuig Máire ar an bpoinnte agus dubhairt sé leithí.- "Anois nár rabhas agamsa go maith go raibh tú istigh ann. " Dubhairt Máire nár raibh ach dubhairt seisean go raibh. Ní dhubhairt an bean nios mó agus tháinig a dearbhsiuir Nóra isteach agus chuadhadar suas an staidhre. Thosuigh Nóra ag déanamh braitlín. Bhí beirt dearbhráthair leó ins na saighdiúir agus fuair na dearbhriuirí litir uaithe a rádh go rabhadar ag teacht ar cúairt chucha. Is gearr gur glaoidh a fear ar Máire agus bhí sé ag gearú a claidheamh agus dubhairt sé leithí go raibh se le í a marbhúghadh. "Ar son Dé" adeir sí agus leig cead dom cúpla paidir a rádh. Chuaidh sí go dtí a dhearbhsiuir Nóra aríst agus dubairt sí leithí go raibh a fear le í a marbhughadh. Dféach Nora amach tríd an fhuinneóg ag féacaint a raibh an mbeirt dearbhráthair ag teacht. D'órduigh a fear de Máire a theacht anuas chuighe. Ach dubhairt sí leis í fhághail ann píosa eile. Bhí an oireadh sin faitchíos uirrthí is nuair a corruigh an fear a chosa gur rith sí chuige. Glaoidh se aríst ar Máire agus rith sí chuighe agus bhí an claidheamh ina lámh(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Comán
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway