Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
Cregmore, Co. Galway
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bí fear ann fad ó bhí sé ag siubail cois traga lá amháin agus cheardh a dfeicfeadh sé ach an maigdean mara na suide ar cairraige agus i ag cioradh gruaige na cion. Dealuig sé sa taobh tiar agus suas agus scaoil sé leis na cioptá a bhí leagtha ar an gcarraig le na taobh. As go brac leis ansin ag déanamh ar an mbaile agus ise na diaidh. Tá sé raidhte go mbíonn ar an maigdean mara ce bith duine a mbíonn a caipin aige a leanacht. Buail an fear isteach na theach féin agus do lean sise isteach e. Posadh iadh agus maireadar le ceile go sona sasta bhí sise mar aon bean ar bith ach amháin nach ndéanadh sí gáire ariamh. Thar eis suimh bliadhna. Nuair a bhí ceartear no cuigtear paisribh acha. Cuaidh fear na tige suas ar an lochta lá amháin torraidheacht rudh eicínt agus ceardh a thuitfeadh anuas ar an teallach chuig an bhean acht an caipín a chuir sé i bfolac ann blanta roimhe sin. Cuir a bhean aon scairt gháiridhe amháin aiste. Sciob an caipin léi agus an doras amach uirrti féin agus eisean na diaidh acht ní raibh aon maith dhó ann mar bhí sí imthighthe isteach san bfairrge sula bhfeadhfadh sé teacht suas léí agus tárg na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ulcín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Comáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cregcarragh, Co. Galway