School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 266
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anocht san dún ars sé agus níl ár saith corcán againn. Ar féidir leat ceann a thabhairt ar ais duit i mbárach é. Cuaidh an cailín aimsire isteach agus dubhairt sí le béan an tighe go raibh fear beag ag an doras agus gur teastuigh corcán uaidh i gcóir bainfeise san dún. Tabhairt ceann dó ars an bean. Is maith an rud bheith fial. Thóg Máire corcán breág a bhí ar an teinteán cun a thabhairt don fear béag ó na tabairt an ceann sin dó ars an bhean. Tá corcán eile a bhfuil poll ann faoin mbórd agus tabhair é sin dó. Deisigheann na sid fir potaí bíonn breisthe tá fhioch agat agus mar sin ní gadh dom raol a tabairt dón tinncéir cun é a deisiughadh. Bhí go maith agus ni raibh go holc thug an cailín aimsire an corcán briste do'n fear beag agus dimthigh sé leis féin. Lá ar na bhárach tháinigh sé ar ais i bhí an pota deisighte aige. Thug sé an pota do bean a tighe agus bhí athas mór uirrí nuair connaich sí é mar ceap sí gur sabáíl sí raol ar an ngnó. Iar dtuitin na h-oidhche dubairt an beann leis an gcailín aimsire lán an phota de bainne úr a cur ar an teinid i gcóir suipéir na bpáistí. Rinne an cailín amlaidh acht ní túisge do bhí an phota agus caillead é. Bhí an bean ar buile leis an gcailín. Greadad cugat ars seise sin corcán bainne caillte orm agus(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ulcín
- Gender
- Female
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cuilcín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway