School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 264
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí ins an Domhan Thoir fad ó agus bhí dúil mhór í sgéalaidheacht aige. Bhí inghean áluinn aige agus gheall sé an inghean do fhear ar bith a cheapfadh sgéal nach mbeadh deireadh ar bith leis. Thainig a lán daoine agus thoisigheadar ag sgéalaidheacht ach ní raibh an rí sásta leo agus i n-áit an inghean a thabhairt d'aon duine acha ba e an chaoi ar orduigh sé a gcur, cun báis. Fa dheireadh is fá dheaidh thainig fear chuig an ríg a dabhairt go raibh sgéal iongantach amach is amach aige féin. Dínnis sé dhó go raibh rí mór cumhachtach ann na cianta tairbreadha roime sin agus ar fhaithcíos go dtiocfadh ganntan no gorta ar a thir. Rinne sé gráinseach mhór a raibh méid cnuich inntí agus líon sé an ghráinseach sin iomhlán le cruithneacht. Bhí sé póluighthe os a cionn agus ní raibh uirthi ach póirín amáin nach gcuirfeá isteach do ladhairicín ann leis an aer a leigean isteach ag an gcruithneacht ní túisge a bhí gach rud réidh ag an rígh agus é socair sásta dhó féin na thainig pláigh chuileog chun na tíre bhí an spéir chomh reamhar sin leo gur mhúchadar solus an lae. Níor stadadar go bfuaireadar amach an áit a raibh an cruithneacht. Annsin cuaid ceann aca isteach ar an bpóirín. Thug leí amach gráinne amháin dé'n chruithneacht agus dimthigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2300: Endless Tales
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Craith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Craith
    Gender
    Female
    Age
    79
    Address
    Cregmore, Co. Galway