School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ina cómhnuidhe i Clanna Caoilte fadó. Máire an tainm a bhí uirri. Ní raibh sa teach aice ach i féin. Bhí a teach in aice caisleán. Bhí faithchíos air an bhean bheith ag cómhnuidhe annsin mar ní raibh aon teach in aice leithí. An oidhche seo bhí sí ag dul ar cuairt mar ba gnáth leithí. Ní bheith faitchíos uirri cor ar bith ag dul ar cuairt ach beith faitchíos uirri ag teacht abhaile mar gheall ar an caisleán. An oidhche seo bhí sí timcheall trí a clog agus í ag teacht abhaile in aice leis an caisleán agus céard a tith amach as ach sidheóg agus í ag damhsa. Is beag nár thuit an bhean i bhfantais nuair a chonnaic sí céard a bhí lé'n a thaobh, agus dubhairt an sidheóg leithí,- bíonn tusa ag dul thart gach oidhche agus má fheiceann mé tú as seo amach beidh tú in a sidheóg agus as sin amach ní raibh an bhean ag dul ar cuairt.

Collector
Síghle Ní Coileáin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Pádhraigh Ó Comán
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish