School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

buile ar fad é agus céard a dhéanfadh sé an feóil le leigeann uaidh agus léimhneach síos ins an uisge ag ionnsuidhe an madaid eile mar shíl sé. Mo léan ní raibh aon madhad eile ann nuar a tháinig sé isteach as an uisge. Bhí sé fuar fliuch agus rud ba measa na sin ar fad bhí an píosa breágh feóla caillte aige mar go raibh sé sguabtha le fánaidh ag an sruth.

Oidhche Samhna chuaidh fear amach mar ba gnáthach leis. Bhí sé ag siubhal go dtáinic sé cómh fada le carann árd. Bhí an gealac lán agus bhí sí ag tabhairt solais breágh. D'féac an fear suas agus connaic sé fear mar bheith ag leimnigh ó crann go crann. D'eirigh gach uile ribe gruaige do bhí ar a cheann na' a seasamh agus tosuigh an fuar allais a tuitim dhe. Níor féad sé a corruigh. léim an taidhbse anuas agus sheas sé i láthair ( ar an ) fear agus dubhairt sé leis na bíodh faithcíos ort, ní dhéanaid

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Búrca
Gender
female
Address
Cregmore, Co. Galway
Informant
Brighid Bean Uí Lorgnán
Gender
female
Age
35
Address
Cashla, Co. Galway
Language
Irish