School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 246
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear i gConnamara uair amháin darbh ainm Pádhraigh Ó Murchadha. Bhíodh sé ag siubhal thart ar lorg oibre gach Foghmhair. Fear mall leisgeamhail a bhí ann. Cuile Satarn seasfadh sé san áit in a mbíodh an margadh ar siubhal i nGaillimh. Bhí sé an shanntach agus mar gheall ar sin do theastuigheadh dorn maith airgid uaidh ar son oibre seachtmaine.
    Bhí sé in a sheasamh agus a dhruim leis an gclaidhe lá amháin mar ba ghnáth leis. Tháinic feilméar mór saidhbhir chuige agus capall agus cárr faoi. "Buel! buel! is mór an náire duit bheith in do sheasamh agus do dhruim leis an gclaidhe annsin" ars an feilméar leis "Ce'n neart atá agam air, racaidh mé ag obair leatsa, má thugann tú páidhe maith dom tá cúig sgilleacha -déag ag teastáil uaim sa seachmhain". " caithfidh sé go bhfuil an mheas agat ort féin ag obair mar sin" ars an feilméar, "Tar uaid ar chaoi ar bith". Cuaidh an spailpín abhaile leis an bfeilméar annsin.
    Lár na bháireach cuaidh an spailpín amach leis capall a chur faoi'n gcárr. Bhí sé tamall fada amuigh agus ghlaoidh an feilméar chuige, " Céard atá dhá dhéanamh agat annsin" ars an feilméar. "Ó! ní fhéadaim a rádh céard atá ar an gcapall seo, tá a dhá chluas in a sheasamh suas díreach leis an bhfuacht" ars an spailpín.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEoláin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac an Fhinn
    Gender
    Male
    Age
    57
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Lisheenavalla, Co. Galway