School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon udir amháin bhí fear ann. Bhí sé in a chómhnuidhe í leacach. Doctúir dobeadh é agus bhí sé ag fághail a lán airgead ó na daoine tinn. Gach lá bheith sé istig san teach ósta ag ól, agus nuair a théigfeadh daoine chuige bheith se ar meisge agus tiubharfaidh sé rud le nól dóibh le h-aghaidh an duine tinn. Lá in a bháireach tagfadh sé go dtí teach an duine tinn agus sé an rud a déirfeadh sé nó cé thug an leigheas sin duit. Mar bhí sé ar meisge an céadlá. Bhí sé mar sin ag ól, agus ag déanamh gach rud as an bhealach. Acht an lá seo bhí gárda tinn aus thug sé leigheas dó acht an lá in a dhiaidh sin bhí an gárda nios measa nó ariamh. Tháinig doctúir eile ag Gaillimh agus d'íarr sé den gárda cé thug an leigheas sin dó agus dubhairt an doctúir O h-Eoláin as Baile Átha an Ríogh. Dubhairt an doctúir as Gaillimh go raib an leigheas sin le h-aghaidh capall. Nuair a bhí an gárda go maith arist do cur se an doctúir as a ceird.

Collector
Síghle Ní Coileán
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Tomás Ó hEoláin
Gender
male
Age
22
Occupation
feirmeoir
Language
Irish