School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 244
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann darbh ainm Tomás Ó Aodhgáin in a cómhnuidhe i Baile Móinín. Oidhche amháin tháínig neac cuige agus dubhairt sé leis má théigheann sé go droicead Luimnighe go bfuidheadh sé a saidhbhireas annsin. Bhí sé tamaill fada ag smaoineadh air féin céard a dhéanfadh sé agus lá amháin d'imthigh sé agus níor stad sé gur sroic sé droicead Luimnighe. Nuair a srois sé droicead Luimnighe caith sé lá ag dul soir agus siar go dtáinigh an tráthnóna. Bhí teach gréasuidhe in aice le ceann an droicead. Nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé go dtí teac an gréasuidhe. D'iarr an gréasuidhe air cad a bhí uaidh. Dubhairt sé gur tháinig neac cuige san oidhche agus dubhairt sé leis a dul go droicead Luimnighe agus go bfuigheadh sé a saidbhireas ann. Ó is fada an lá a dubhairt neac liomsa a deir an gréasuidhe má théigheann mé go sean Baile Móinín go bhfuighfead mo saidhbhireas fó bhun sceabh a bhí í ngarrdha Tomás Ó Aodhgáin. Annsin do creid Tomás gach nídh a dubhairt an neac leis agus chuaidh sé abhaile agus ní raibh sé í bfad sa mbaile nuair a thosuigh sé ag rómhair fé bhun sgeac agus bhí sé tamaill fada ag rómhair go bhfuair sé crocha agus é lán le óir agus dfágh sin é go saidhbir go bfuair bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Craith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Padraig Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway