School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon uair amháin bhí fear ann. Pádhraig an tainm a bhí air. Bhí sé ina a cómhnuidhe i mBaile Breatán. Bhí teach mór aige agus ní raibh aon duine san teach leis ach é féin. Sean fhear do beadh é agus bhí sé ag eirigh seafóideach. Ní raibh brionglóid aige ariamh agus ní raibh fhios aige cé'n caoí a bféadfad le duine a bheith ag brionglóid agus é in a codhladh. Ceap sé dá bfanfadh sé in a shuidhe go mbeadh brionglóid aige. Aon oidhche amháin dfan sé in a suidhe. Bhí sé ag eirigh tuirseach mar ní raibh aon brionglóid aige agus bhí sé timhcheall cuig a clog. Ar cuma ar bith chuaidh sé ar a codhladh. Ní raibh sé í bhfaid in a codhladh nuair a thosuigh sé ag brionglóid agus bhí brionglóid maith aige , ceap sé go raibh sé ag fághail airgead agus óir. Nuair atá duine tuirseach bheidh sé ag brionglóid agus sin é an fáth a bhí Pádraigh ag brionglóid mar bhí sé an tuirseach.

Collector
Síghle Ní Coileáin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Miceál Ó Coileáin
Gender
male
Age
41
Occupation
feirmeoir
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Language
Irish