School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

tú fear marbh, a fhir ghlic. Acht tabhair dhom míle púnt más é do thoil é." Ní raibh aon dul as ag Pól. B'éigin dó míle púnt do thabairt uaidh. Bíonn an glináin glic uaireannta.

Bhí feár ann fadó agus bhí sé bocht. Bhí sé pósta agus bhí lán an tighe de pháiste aige. Ní raibh de mhaomh an t-saogail seo aige acht aon bhó amháin, agus teacht na Nodlaig dubhairt a bhean leis go gcaitfeadh sé an bhó a dhíol le greim le nithte a thabhairt do's na páiste bocht. Tá go maith arsa an fear. Lá an aonaigh bhuail sé an bhóthair leis an mbha acht bhí sé deirneach í gcóir an aonaigh. Casadh fear air ag teacht o'n aonach agus bhí torrabh aige agus ceistean sé é faoí an aonach. Dubhairt an fear leis go raibh sé deirneach acht go ndéanfadh sé malairt leis. Tá go maith arsa fear na bó agus thug sé dhó an bhó agus cas sé ar ais a bhaile agus tarraibh aige is é sásta go leór no gur casadh fear air a raibh asal aige. Thosaig siad ag cainnt faoí an aonach agus an caoí a bhfuair fear

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhurca
Gender
female
Address
Cregmore, Co. Galway
Informant
Mairtín de Burca
Gender
male
Age
58
Occupation
feirmeoir
Address
Cregmore, Co. Galway
Language
Irish