School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon uair amháin bhí fear in a cómhnuidhe i lisin A Bhealaigh. Tomás O h-Éoláin an tainm a bhí air. Bhí a athair caillte agus ní raibh sa teach ach a máthair agus é féin. An lá seo bhí aon i nGaillimh agus bhí ba ag mháthair Tomás le diol ann. Sean bean do beadh í agus ní raibh sí in ann dul chuig an aonaigh. Ar aon caoí chuaidh Tomás leis an mbuin agus cuimhnuigh sé ar cómharla a mháthair- Ná díol é go geobfaidh tú an pinghin is áirde ar an aonach. Tháinig fear agus díarr sé de Thomás cé mhéid a bhí ag teastáil aige le haghaidh an mbuin agus dubhairt Tomás an pinghin is áirde ar an aonach. Níor dhéarna an ceannuightheóir tada ac maide a cheannacht agus do cur sé pinghin ar bhárr an tslat agus dubhairt sé "Buell anois céard atá le rádh agat nach bhfuil an pinghin sin níos áirde ná aon pinghin atá ar an aonach indhiu." "O ! go deimhin tá tabhair dhom é anois agus tá an ba annsin agat, agus gan dearmuid fuair mé an pinghin is áirde ar an aonach. Chuaidh Tomás

(continues on next page)
Collector
Síghle Ní Coileáin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Pádhraigh Ó Comáin
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish