School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

acú nuair a chuaidh siad ann. Béigin dóibh dul isteach go dtí an lár agus fuair siad an cuileann leis na clochaí dearga. Bhain siad go leór cuileann annsin.

San am fad ó bhí fear agus a bhean i na suidhe cois na teineadh oidhche Shamhna. Bhíodar an bhocht, ní raibh aca i gcóir a suipéir acht píosa beag bagúin a bhí san bfríochtán ar an teinidh. Bhíodar ag ceasacht i dtaobh an míd-ábha bhí orra iad bheith chomh bocht nuair a cualadar ceóil an bhinn dá sheinim ar píobaí thuas san similéar. D'feicadar suas agus connacadar fear beag i na suidhe ar bhata an chrucha. Bhí caipín dearg air, cóta uaithne bríste buidhe stocaí bána agus bróga deasa agus buchlaí móra airgid ortha. Do stad an fear beag de'n ceól annsin agus sé chuala mé sibh a radh go raibh sibh an bocht gan saidbhreas gan airgid. Anois beidh trí guidhe agaibh agus pe rádh is maith sibh d'fhágail níl le déanamh agaibh acht a rádh gur maith libh é, agus geobadh sibh ar a bpoinnte é. Tháinig iongradh an domhain ar an bfear bocht agus ar a mhnaoi. Ní raibh fíos aca caide an rud

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Cuilcín
Gender
male
Age
67
Occupation
feirmeoir
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish