School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 211
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 211
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus sé an tainm a bhí air ná feasóg ghorm. Bhí cheithre bhean dhéag pósta aige. An lá seo chuaidh sé at thuairisg bean eile agus tháinig sé go dtí bothán beag. Ní raibh istigh roimhe ach an tathair agus a bheirt inghean agus bhí an mháthair caillte. Sé an tainm a bhí ar na cailíní Máire agus Nóra. D'fiafruigh feasóg ghorm dá n-athair a dtiubhradh sé ceann go no
o-ingheanacha dhó le pósadh. Dubhairt an t-athair go bhféadfadh sé ceann ar bith aca ba mhaith leis a phósadh. Dubhairt Nóra nac bpósfadh sí féin é. Ach dubhairt Máire go bpósadh sí féin é. Pósadar annsin. Bhí bhainis seacht noidhche agus seacht lá. Nuair a bhí an bainis thart dubhairt an fear go rachaidh sé ar cuairt chuig a muinntir. D'fhág sé eochair le h-aghaidh gach seómra ag a bhean ach eochair aon t-seomra amháin agus dubhairt sé leithí gan dul isteach san seómra sin cor ar bith nó dá rachaid go mbainfide sé féin an ceann dí nuair a tiocfhaidh sé. Dimtigh sé annsin agus nuair a tháinig sé d'fiafruigh sé dí an ndeaca sí isteach san seómra nar ghafad fé eochair aici le naghaidh agus dubhairt sí nach ndeacha. Bheill adeir sé is géarr go mb'fhios agam'sa an ndeachais. Chuaidh sé go dtí an seomra annsin agus chonnaic sé go leor fuil ar áit an eochair(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Coileáin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Coileáin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway