School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 199

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 199

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 199
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tháinig sé ar ais agus bhi an pota deisighthe aighe. Thug sé an pota do bean a tighe agus bhí athas mór uirthi nuair connaich sé é mar cheap sí gur sabháil sí raol ar an ngnó ag tuitim na hoidhche dubhairt an bhean leis an gcailín aimsire líon an phota de bhainne úr agus cur ar an teinid í gcóir suipéir na bpáistí. Rinne an cailín amhlaidh acht ní túisge do bhí an pota ar an teinidh na beirbigh an bainne thar bhéal an phota agus cailleadh é. Bhí an bean ar buile leis an gcailín. "Greadadh chugat" ars sise sin corcán bainne caillte orm" agus sin dá pighinn imtighthe ars glor breag thuas san similéar. Cuir an bean féin lán an pota de bainne ar an teinid arís acht má chuir ní túisge do bhí an pota ar an teinidh na beirbhigh an bainne thar bhéal an pota arís agus cailleadh é. "Acht mo léan" ars an bhean " sin chorcán bainne éile caillte orm agus sin tuistiúm imtighe " ars an glor beag tuas san similéar. "Is dócha go bhfuil an corcán salach ars an béan. Glan é a Mháire. Glan Máire an corcán líon sí le bainne é agus chuir sí ar an teinidh aris é acht ní raibh anon mhaitheas ann. Bheirbhigh an bainne thar mhaol arís. "Ochan, Ochan, " ars an bean sin an tríomhad phota bainne a chailleadh orm anocht. Sin raol imthidh a bhean a tighe ars an glór beag agus níor sábháil tú costas an tinncéire í ndeireadh na dála. Leis sin léim an síd féar anuas as an similéar agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ulcín
    Gender
    Female
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway
    Informant
    Séan Ó Cuilcín
    Gender
    Male
    Age
    68
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway