School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 191
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Peigí Misteall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fá dheire bhí an doctúir sáthruighthe aice mar bhí sí ag cúairt aige gach lá beagnach. Chuaidh sí chuighe an lá seo agus sgéon mór uirri. "Bhuell céard tá ort indhiu " arsan doctúr leí. "O dheamhan fhios agam " ar sise ac tá faitchíos orm nach mbeidh sé fada go mbeidh mo phort sinnte. Bhi brionglóid uathbásach agam aréir agus shíl mé gur bhfaca mé mo shean-mháthair agus í ag chaoineadh go mór. "Céard a d'ith tú le do shuipéar aréir ar seisean léi. Níor ith me ac leath-sicín, b'shin é an méad a d'ith mé a dhochtúir ar sise. "O feicim anois ceard tá ort, gabh abhaile anois agus ith an leath eile anocht agus beidh brionglóid agat go bfeicfidh tú do shean-athar agus é ag gáire go mór, ach comhairle do leasa dhuit ná téighchugam's amáireach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.