School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 182
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí an fear agus thugadar isteach san dún leo é agus cuireadra o's comhair an ríogh é d'innis na sidheóga don ríogh cad don rinne an fear agus bhí an rí an tsásta freisin. Cad déanfaidh mé do ars an rí bhain an chruit de arsa siad agus leis sin thuit an chruit ar an urlúr agus bhí an féar chomh direach le peann luaidh. Chuaidh sé a bhaile ar maidin i mbárach agus bhí iongnadh ar na daoine. Nuair chonnaich siad é. Chuala cruiteacán eile an sgéal agus oidhche amháin chuaidh sé go dtí an dún agus leis sé air go raibh sé i na chodladh. Tháinigh na sidheóga amach ar mhéadhon oidhche agus thosnuigheadar ag damhsadh agus ag cantaín Dia Luain, Dia Mairt, Dia Luain, Dia Mairt agus Dia Céadaoin. Bhí an fear ag éisteacht leo ar fead tamaill agus annsin bhris sé isteach orra mar seo ,Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt , Dia Céadaoin agus Dia Diardaoine agus Dia hAoine. Tháinig fearg mhór ar na sidheógaibh. Ritheadhar go dtí an féar agus thugadar isteach san dún leo é agus chuireadar o's comhair an ríogh é. Dinnis na sideóga don riogh cad do rinne an dara cruiteachán agus bhí fearg mhór ar an righ freisin. Cad dhéanfaidh mé leis ars an rí. Cuir an cruit eile air ars siad. Rinne anrtí amlaidh agus chuaidh an cruiteachán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Chraith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Séain Mac Chraith
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir