School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 171
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí fear darb ainm Stiobhán Mac Ginneán in a chomhnuidhe i gCill Tullach in aice le Gaillimh agus bhí cúig acra talmhain aige. Bhí air cíos cúig púnt a íoc dhá uair san mbliadhain. Lá amháin chuaidh sé go Órán Mór cun an cíos a íoc agus ní raibh aige ach leath an airgid ag ní glacadh an Tighearna Talmhan an méid sin. Nuair nach nglacadh sé an t-airgead. Chuaidh Stiobhán isteach go dtí teach ósta agus thosuigh sé ag ól uisce-bheatha. Nuair a bhí sé ag teact abhaile í lár an oidhche casadh sgata sídheóga air i n-aice le Gleanna Sgáil. Diarr siad air a theacht in éindigh leo go gCroc-Meadha ag bualadh báire in aghaidh sídheóga as Co Mhuigheo. Báireór maith dob eadh Stiobhán agus dubhairt sé go rachfadh sé in éinfheacht leo. Cuir siad ag marcaigheact ar capall é agus bhí sé í gCroc Meadha ar bpoinnte boise. Thosuigh an bualadh báire agus sa dheireadh bhí an bhuaidh ag na sídheóga as Gleanna sgáil. Bhí áthas mór air ceannphart na sidheóga agus dubhairt sé le Stiobhán go dtiubhraidh sé aon rud ar bith san domhain dhó. Annsin cuimhnigh Stiobhán ar an Tighearna Talmhan agus d’innis sé an sgéal don Ceannphort agus nuair a chuala sé an sgéal thug sé litir do Stiobhán agus tug Stiobhán an litir go dtí an Tighearna Talmhan. Nuair a connaic sé an litir d’aithnigh sé sgríobhadh a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Craith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Siobhán Bean Uí Dubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway